Bhí bromlach na ndaoine ag imeacht ar imirce ach d’fhan Joe sa bhaile. Chaith sé a chuid ama ag obair le péire beithíoch, ag treabhadh, ag fuirsigh 7rl. Obair mhaslach a bhí ann ach shaothraigh sé corr phunta – ní raibh mórán proifide aige as. Cur síos ar an obair thalaimh a bhí a dhéanamh aige.
00:18:23
Fostaíodh Joe ag cur crainn in 1955 agus chaith sé trí bliana ag an obair sin. Obair mhaslach go deo a bhí ann agus iad ag iompair an ábhair uilig. Cur síos ar an obair sin.